close
Jump to content

An Bhreatnais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Breatnais)
Infotaula de llenguaAn Bhreatnais
Cymraeg
Image
Cineálteanga nádúrtha agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais724,000
Dúchasach doan Bhreatain Bheag
Stáitan Ríocht Aontaithe agus an Airgintín
Image
Comhordanáidí52° 06′ N, 3° 48′ O / 52.1°N,3.8°W / 52.1; -3.8
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Ceilteacha
Ceiltis na nOileán
teangacha Briotainice
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach
Institiúid caighdeánaitheBord na Breatnaise agus Coimisinéir na Breatnaise
Leibhéal leochaileachta2 leochaileach
Stairhistory of the Welsh language (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1cy
ISO 639-2cym
ISO 639-3cym
Glottologwels1247
Linguasphere50-ABA-a
Ethnologuecym Cuir in eagar ar Wikidata
ASCL1103 Cuir in eagar ar Wikidata
UNESCO425 Cuir in eagar ar Wikidata
IETFcy Cuir in eagar ar Wikidata
Endangered languages10429 Cuir in eagar ar Wikidata

Ceann de theangacha oifigiúla na Breataine Bige is ea an Bhreatnais, ar a dtugtar freisin an Chomraig.[1] Is í an ceann is láidre de na teangacha i gcraobh Bhreathnach na dteangacha Ceilteacha, ar a dtugtar freisin an chraobh P-Cheilteach.

Image
Bíobla, 1620, in Llanwnda
Image
comharthaíocht

Sa bhliain 2021 bhí 538,000 'cainteoir' Breatnaise ina gcónaí sa Bhreatain Bheag, 17.8% den daonra, i gcomparáid le 562,000 in 2011, nó 19%, de réir figiúirí daonáirimh de chuid Oifig Náisiúnta Staitisticí sa bhliain 2022 .[2]

Mar sin, tháinig laghdú idir 2011-2021 ar líon na gcainteoirí Breatnaise, go háirithe i measc na glúine óige. Bhí baint mhór ag an laghdú ar an líon daoine óga idir 3-15 bliain a labhraíonn an Bhreatnais leis an laghdú 24,000 duine ar líon na gcainteoirí idir 2011-2021.

Bhí laghdú ar líon na gcainteoirí Breatnaise sa deich mbliana roimhe sin, 2001-2011, chomh maith.[2]

oideachas ar fáil tríd an mBreatnais i mbeagnach gach réimse. Is ábhar éigeantach í an Bhreatnais do gach dalta sa Bhreatain Bheag idir 5 agus 16 bliana d'aois i scoileanna poiblí.

Image
S4C

Bíonn an Bhreatnais á craoladh ar chainéal teilifíse S4C agus ar an raidió sa Bhreatain Bheag.

Foclóir Breatnais–Gaeilge ar fáil, chomh maith le Lexicelt, áis foghlama le ceachtanna agus samplaí fuaime atá ar fáil ar líne saor in aisce.[3]

De réir dealraimh, tá thart ar 5.000 cainteoir Breatnaise i gCúige Chubut de chuid Phatagóin na hAirgintíne.

Tá roinnt cearta dlíthiúla ag lucht a labhartha, mar shampla an ceart cumarsáid a dhéanamh leis an rialtas i mBreatnais agus chun an teanga a úsáid sa chúirt agus sa Tionól Náisiúnta.

Chinn Rialtas na Breataine sa bhliain 2017 go gceadófaí úsáid na Breatnaise i ndíospóireachtaí parlaiminte.[4] Ar an 7 Feabhra 2018, labhraíodh an Bhreatnais le linn díospóireacht pharlaiminte i Westminster den chéad uair riamh. ag cruinniú de chuid Mhórchoiste na Breataine Bige. Roimhe seo ba i mBéarla amháin a bhíodh díospóireachtaí i dTeach na dTeachtaí, ach úsáidtear an tseanFhraincis chun dlíthe a rith i dTeach na dTiarnaí.  

Sa bhliain 2024, tugadh a n-ainm Breatnaise go hoifigiúil ar an gcuid is mó de thoghcheantair an Senedd, an pharlaimint náisiúnta sa Bhreatain Bheag. Is ag an leagan aonteangach Breatnaise amháin atá stádas oifigiúil i gcás ceithre thoghcheantar déag de na sé cinn déag atá ann in 2026, an chéad toghchán eile.[5]

Image

Is teanga scríofa í ó 600 A. D., cé nach bhfuil lámhscríbhinní slán ón tréimhse sin. Tá traidisiún liteartha na Breatnaise gan bhriseadh go dtí an lá atá inniu ann.

Sampla den litríocht ná an Mabinogi, filíocht Bhreatnaise ón Meánaois agus is cuid é de stór litríochta na hEorpa.

Níl sé go hiomlán cinnte cén uair a tháinig na Ceiltigh is a dteanga(cha) siúd chuig na hoileáin seo, is é sin le rá Éire agus an Bhreatain.

Na Rómhánaigh

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Image
Na Rómhánaigh i gCaerleon Newport;

Is eol go raibh na teangacha Breatnacha á labhairt thart faoin gcuid is mó d'oileán na Breataine faoin am gur bhain na Rómhánaigh amach an áit. Tharla athruithe móra le teacht na Rómhánach. Bhí go leor daoine dátheangach sa teangain Bhreatnach, mar a bhí san am, agus sa Laidin, go háirithe i ndeisceart na Breataine (an ceantar is mó a bhain le sibhialtacht na Róimhe, oirdheisceart na Breataine Bige san áireamh). Is dóigh gurbh í an Laidin teanga an riaracháin agus nach raibh sa Bhreatnais ach teanga labhartha amháin. Fuarthas focail go leor ar iasacht ón Laidin ach ní raibh tionchar na Laidine ar an teangain Bhreatnach chomh láidir is a bhí ar theangacha Ceilteacha na mór-roinne. Bhí greim Impireacht na Róimhe agus na Laidine ar an mBreatain beagán ní ba scaoilte, b'fhéidir, ná mar a bhí ar an nGaill, mar shampla. I ndiaidh imeacht na Rómhánach, laghdaíodh ar thionchar a gcuid teangan go dtí nár fágadh í ach mar theanga scríofa.

Image
Bóthar a thóg na Rómhánaigh, feirm Middlewood, The Welsh Venison Centre.

Ag an am céanna, bhí an teanga Bhreatnach ag athrú. I ndiaidh do na Rómhánaigh teacht ar an bhfód, chaill an seanteanga Bhreatnach a stádas mar theanga cheannaireachta i gcuid mhaith de chríocha na Breataine. Bhí leagan amach na teangan á dhíchobhsú ag an Laidin.

Luath-Bhreatnais

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugtar Luath-Bhreatnais ar an gcineál Breatnaise a bhí ann ó thús dara leath na séú haoise (thart ar 550 A. D.) go dtí deireadh na hochtú haoise.

Image
Mabinogiː An Dá Rí (dealbhóir Ivor Robert-Jones, 1984) in aice le Caisleán Harlech, sa Bhreatain Bheag. Iompraíonn Bendigeidfran corp a nia Gwern.

Tháinig an Chríostaíocht chun na Breataine le linn na tréimhse sin agus laghdaíodh údarás shagairt an tseanchreidimh agus an tionchar a bhí acu. B'iad sin a chaomhnaíodh na sean-nósanna lena n-áirítear na sean-chleachtais teangan. Le linn an ama seo, dealraíonn sé gur tharla athruithe sa teanga Bhreathnach ó thaobh gramadaí de agus forbairtí eile atá mar shaintréithe theanga na Breatnaise mar a labhraítear anois í. Mar gheall ar an easpa fhianaise scríofa, ní féidir a rá go cinnte cén uair a tharla na hathruithe teangeolaíochta seo. Cé gur síleadh tráth go raibh an Bhreatnais scartha ón mBriotáinis, mar shampla, faoin séú haois, is é meas na scoláirí anois nár theanga scoite a bhí inti go dtí go luath sa dara leath den aois sin.

Níl ach cúpla clochscríbhinn fágtha ón tréimhse sin, ach tá tagairt di i saothar Bhéid, "Historia ecclesiastica gentis Anglorum" (Stair Eaglasta na Sasanach) agus roinnt logainmneacha. Tá an sliocht Breatnaise ó lámhscríbhinn is sine dá bhfuil againn le fáil i "Llyfr Sant Chad" atá i seilbh Ardeaglais Chaerlwytgoed i Sasana. Is sliocht dlíthiúil atá ann.

Sean-Bhreatnais

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Image
Llyfr Coch Hergest 240-241 (1890)

Tugtar an tSean-Bhreatnais ar an gcineál Breatnaise a bhí ann idir an 9ú haois agus deireadh an 11ú haois. Tá breacscríbhinní i Sean-Bhreatnais ar cháipéisí Laidine ón tréimhse sin a tháinig slán.

Tá roinnt lámhscríbhinní ón 12ú haois ann freisin gur macasamhla iad de lámhscríbhinní ní ba shine nó gur taifid de bhéaloideas níos sine iad. Tugann na giotaí scríofa fianaise i dtaobh Breatnaise na linne sin ach tá an fhianaise seo débhríoch go leor. Ní thugann siad mórán leide i dtaobh fhuaimeanna na Breatnaise nó an é go bhfuil na fuaimeanna sin ag athrú.

Meán-Bhreatnais

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Image
Bíobla, 1588

Tugtar an Mheán-Bhreatnais ar an gcineál Breatnaise a bhí ann idir an 12ú agus an 14ú haois. Is ón tréimhse seo an Mabinogi. Bhí focail iasachta ag teacht isteach ón Laidin agus ón bhFraincis ag an am seo mar thoradh ar aistriúcháin.

I ndiaidh na tréimhse seo, tháinig athrú ar an teanga ó thaobh cháilliúint roinnt leaganacha de na briathra de agus roinnt réamhfhocal pearsanta.

Tá roinnt mhaith daoine sa Bhreatain Bheag a bhfuil an Ghaeilge agus an Bhreatnais acu, idir chainteoirí Breatnaise a chuir spéis sa teanga Cheilteach eile agus chainteoirí Gaeilge a d’aistrigh go dtí an Bhreatain Bheag agus a d’fhoghlaim an teanga.[6] Foilsíodh foclóir Breatnaise-Gaeilge le Joe Mitchell in 2017. Tá tuairim is 14,000 focal ann, saothar réasúnta mór, agus tá na focail is coitianta sa Bhreatnais ann chomh maith le roinnt focal liteartha agus focail chanúnacha. Tá treoir i nGaeilge ann freisin maidir leis na hathruithe a dhéantar ar thúslitreacha sa Bhreatnais agus treoir i mBreatnais ann ar ghramadach na Gaeilge. Tá roinnt gearrscéalta de chuid Mháirtín Uí Chadhain aistrithe go Breatnais ag Joe Mitchell chomh maith le léacht an Chadhnaigh.[6]

In 2019 foilsíodh Breatnais do Ghaeilgeoirí/Gwyddeleg i’r Cymry le Dewi Rhys-Jones,  leabhar a chabhróidh le cainteoirí Gaeilge tabhairt faoi na scrúduithe Eorpacha ag leibhéil A1 agus A2 (bunleibhéil).[7]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Cadwaladr, Dilys; Jones, T. Hughes; Morgan, Huana; Powell, J. D.; Williams, J. J.; Williams, J. O. (1948). "Sgéalta ó'n gComraig" (as Gaeilge): 55. Oifig an tSoláthair.
  2. 1 2 Tuairisc (6 Nollaig 2022). "Laghdú tagtha le deich mbliana anuas ar líon na gcainteoirí Breatnaise" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-06.
  3. "Joe Mitchell: Creu’r geiriadur Cymraeg-Gwyddeleg cyntaf / Creating the first Welsh-Irish dictionary". Parallel.cymru (2018-10-06). Dáta rochtana: 2025-11-18.
  4. https://tuairisc.ie/la-stairiuil-don-bhreatnais-agus-a-husaid-ceadaithe-den-chead-uair-inniu-i-westminster/
  5. "Stádas oifigiúil tugtha do leaganacha Breatnaise d’ainmneacha toghcheantar nua" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-12-20). Dáta rochtana: 2024-12-21.
  6. 1 2 "An chéad fhoclóir Breatnaise-Gaeilge le foilsiú" (ga-IE). Tuairisc.ie (2017-11-29). Dáta rochtana: 2026-04-03.
  7. Maitiú Ó Coimín (2019-02-26). "Dhá áis d'fhoghlaimeoirí Breatnaise ar fáil do na Gaeil". NÓS. Dáta rochtana: 2025-11-18.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]