close
Jump to content

Corn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Corn Óir Cheltenham

Cupa ornáideach a úsáidtear mar dhuais is ea corntrófaí.[1] De ghnáth, cupán mór miotail is ea é, a bhfuil dhá chluas air, a bhronntar ar bhuaiteoir cluiche nó comórtais.[2] Go ginearálta, rud éigin luachmhar is ea é a thugtar do dhuine a bhfuil na torthaí is fearr acu i gcomórtas nó i gcluiche nó mar luach saothair as éacht a rinne siad;[3] ach tugtar "duais" ar sin go hiondúil.

Is é Corn Sacair an Domhain (€20m) an trófaí is luachmhaire a mbíonn iomaíocht air – níl aon cheann eile baol ar chomh luachmhar sin. Tá 5.0 kilo (11pt ) den ór 18 carat ansiúd agus is fiú os cionn $410,000 é (in 2026).[4][5]

Bhí duais £625,000 (€718,000) ag dul leis an gCorn Óir i Cheltenham in 2026. Níl an Corn féin mórán le 12cm (5”) ar airde. Is í a cháil agus an stair a bhaineann leis, mar aon lena luach a fhágann nach bhfágann an Corn Óir Prestbury Park na laethanta seo. A mhacasamhail a fhaigheann na buaiteoirí le fada an lá anois.[6] Murach bonn a bheith faoi ba ar éigean a thabharfadh duine suntas de chineál ar bith dó. Díoladh ceann de na cóipeanna (Vincent O'Brien / Cottage Rake in 1948) in 2024 agus chuaigh sé €40,000.[7] [8]

Príomhalt: Féile Cheltenham

Tá an ‘Sam’ agus Corn Mhic Cárthaigh i bhfad Éireann níos mó ná Corn Sacair an Domhain ná Corn Cheltenham.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "An Foclóir Beag: corn" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2026-03-10.
  2. "corn - Definition in Irish Gaelic with audio pronunciation for corn by Foras na Gaeilge". www.focloir.ie. Dáta rochtana: 2026-03-10.
  3. "duais - Definition in Irish Gaelic with audio pronunciation for duais by Foras na Gaeilge". www.focloir.ie. Dáta rochtana: 2026-03-10.
  4. "FIFA World Cup Trophy" (as en) (2026-03-09). Wikipedia.
  5. Mártan Ó Ciardha (8 Márta 2026). "Corn Óir Cheltenham – bíonn blas ar an mbeagán" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-03-10.
  6. "Cheltenham Gold Cup" (as en) (2026-01-20). Wikipedia.
  7. £33,540 (costas breise nó premium san áireamh)
  8. "The Cheltenham Gold Cup won by the Vincent O'Brien trained Cottage Rake in 1948." (en). www.budds.com. Dáta rochtana: 2026-03-10.