close
Jump to content

Jessie Buckley

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJessie Buckley
Image
(2025) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Jessie Noelle Buckley Cuir in eagar ar Wikidata
28 Nollaig 1989
36 bliana d'aois
Cill Airne, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAcadamh Ríoga na Drámaíochta - aisteoireacht (2013)
Ceol-Acadamh Ríoga na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Airde170 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreAisteoireacht agus ceol
Gairmamhránaí, aisteoir, cumadóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre2008 
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge
UirlisCeol gutha

IMDB: nm2976580 Allocine: 723723 Allmovie: p775906 Metacritic: person/jessie-buckley TV.com: people/jessie-buckley TMDB.org: 1498158
Musicbrainz: f6c60754-d682-4aa9-b158-727b60dc15ed Discogs: 6382707 Allmusic: mn0003818246 Cuir in eagar ar Wikidata

Is ban-aisteoir agus amhránaí as Ciarraí í Jessie Buckley (a rugadh ar an 28 Nollaig 1989 i gCill Airne). I measc na ngradam atá buaite aici tá Gradam Acadaimh, Gradam BAFTA, Gradam Golden Globe agus Gradam Olivier. Ba í an chéad bhean Éireannach riamh a bhuaigh Gradam Oscar don bhanaisteoir is fearr.[1]

Image
Jessie Buckley in 2019, ag oscailt Wild Rose
Image
Buckley in 2020
Image
Jessie Buckley, 2025
Image
Féile Telluride 2025

Rugadh Jessie Buckley i gCill Airne do Marina (née Cassidy) agus Tim Buckley. Is í an duine is sine de chúigear clainne í — deartháir amháin agus triúr deirfiúracha.[2]

Ní raibh teilifís sa teach agus í ag fás aníos. D'fhreastail sí ar Scoil Dhara na nUrsulineach, scoil chailíní i dTiobraid Árann, áit a bhfuil a máthair ina múinteoir amhránaíochta. Ghlac sí páirt i ceolchoirmeacha scoile: Ghlac sí páirt i roinnt ról fireann ar scoil, lena n-áirítear príomhról Tony i West Side Story agus Freddie Trumper in Chess.

Bhain sí amach céim a hocht sa pianó, sa chlairinéid agus sa chruit ag Acadamh Ríoga Ceoil na hÉireann, agus bhí sí ina ball d'Cheolfhoireann Mílaoise Thiobraid Árann.

D'fhreastail sí ar cheardlanna samhraidh leis an gCumann AIMS chun a cuid amhránaíochta agus aisteoireachta a fheabhsú, agus aithníodh ann í mar aisteoir cumasach; spreagadh í iarratas a dhéanamh ar scoil drámaíochta i Londain.

Chuir Cameron Mackintosh agus Andrew Lloyd Webber comhairle uirthi freastal ar an Royal Academy of Dramatic Art (RADA). Bhain sí céim amach as RADA i mí Eanáir 2013

Thosaigh Buckley a gairm in 2008 ar an gclár tallainne BBC I'd Do Anything. Chríochnaigh sí sa dara háit taobh thiar de Jodie Prenger.[3] Ghlac sí ansin ról Anne Egermann i gceoldráma Stephen Sondheim A Little Night Music sa West End.

Sna 2010idí ghlac sí rólanna mar Marya Bolkonskaya in War and Peace le Leo Tolstoy (2016), léiriú de chuid an BBC, Lorna Bow in Taboo (2017) agus Marian Halcombe in The Woman in White (2018).

In 2019, ghlac sí páirt Lyudmila Ignatenko sa mhionstraith stairiúil Chernobyl ar HBO, sraith a fuair 19 ainmniúchán ag na Emmy Awards.

In 2020, ghlac sí páirt Oraetta Mayflower i gceathrú sraith Fargo.

Rinne Buckley a chéad ról scannáin mar Moll Huntford sa scannán Beast (2017). Ina dhiaidh sin ghlac sí an príomhról sa scannán Wild Rose (2018), rud a thuill di ainmniúchán do Ghradam BAFTA don bhanaisteoir is fearr.

In 2021/2022 ainmníodh Buckley sna Academy Awards don bhanaisteoir tacaíochta is fearr as an bpáirt a bhí aici sa scannán The Lost Daughter.[1]

In 2022 bhí ról tacaíochta aici sa scannán Women Talking le Sarah Polley, scannán a bhuaigh Gradam Acadaimh.

Ghnóthaigh Buckley Golden Globe as a ról sa scannán Hamnet (2025), in éineacht le Paul Mescal.[4] Bhí Gradam Critic’s Choice don bhanaisteoir is fearr bronnta ar Buckley as an taispeántas a thug sí sa scannán. as páirt "Agnes" (nó Anne Hathaway)[5] a ghlacadh sa scannán, bean chéile William Shakespeare agus máthair Hamnet. Scríobh Maggie O’Farrell an leabhar ar a bhfuil Hamnet bunaithe. Scéal grá agus scéal tragóideach atá sa scannán ina léiríonn Buckley a hildánacht agus a sárchumas mar aisteoir.

Ar an 15 Feabhra 2026, bronnadh an deilbhín dealraitheach óir, an gradam Oscar don bhanaisteoir is fearr, ar Buckley as an mórpháirt a bhí aici sa scannán Hamnet.[6] Ba í rogha na coitiantachta í don ghradam. Thiomnaigh Buckley an duais don “chroí álainn trína chéile” a bhíonn ag máthair.[7] Agus í ag glacadh leis an deilbhín óir ceithre charat is fiche, ghabh Jessie Buckley buíochas ó chroí lena tuismitheoirí, lena fear céile agus a n-iníon óg, agus lena teaghlach ar fad in Éirinn.[1]

In 2023, phós Buckley fear darbh ainm Freddie Sorensen ó thuaisceart Londan, síceolaí agus iar-léiritheoir (The X Factor, Gladiators). Bhuail siad le chéile ar dháta dall. Tá sí an-chúramach faoi phríobháideachas a saoil phearsanta. Sa samhradh 2025, rugadh iníon dóibh.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 3 Nuacht RTÉ (2026-03-16). "Gradam Oscar don bhanaisteoir is fearr buaite ag Jessie Buckley" (as ga-IE).
  2. Greg Murphy (2022-02-09). "Who is Jessie Buckley? Kerry star gets first Oscar nod for 'The Lost Daughter'" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2026-03-16.
  3. "Fans rediscover Oscar frontrunner Jessie Buckley's reality TV show aged 17" (en). Metro (2026-03-15). Dáta rochtana: 2026-03-16.
  4. Bridget Bhreathnach (29 Eanáir 2026). "DIALANN TUAIRISC: Gort a’Choirce sciobhtha ag an mBreatain, Príomh-Aire na hIndia ag tvuíteáil i nGaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-02-05.
  5. "Anne Hathaway (wife of Shakespeare)" (as en) (2026-03-16). Wikipedia.
  6. Is iad Saoirse Ronan agus Ruth Negga an t-aon bheirt Éireannach eile a ainmníodh don bhanaisteoir is fearr ó bunaíodh na gradaim Oscar sa bhliain 1928.
  7. "Bua stairiúil ag Jessie Buckley ag na gradaim Oscar" (ga-IE). Tuairisc.ie (2026-03-16). Dáta rochtana: 2026-03-17.