Quentin Tarantino
Stiúrthóir agus léiritheoir scannán Meiriceánach is ea Quentin Jerome Tarantino (a rugadh 27 Márta 1963 in Knoxville, Tennessee).
Tá go leor duaiseanna bainte amach aige i gcomhair scannán éagsúil, cosúil le Pulp Fiction, Reservoir Dogs, agus Donnie Brasco. An chéad scannán a rinne sé ná My Best Friends Birthday.
Saol pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Quentin nasctha le cúpla bean i dtreo rómánsúil. Bean cosúil le Mira Sorvino, stiúrthóirí Allison Anders agus Sofia Coppola, aisteoir Julie Dreyfus agus fuirseoirí Kathy Griffin agus Margaret Cho. Ní dúirt sé nach raibh sé chun bean chéile a ghlacadh agus páiste a bheith aige sula raibh sé 60 ach cheapann sé go bhfuil an t-ádh air ina shaol le haghaidh scannán a dhéanamh.
Tá plean aige éirí as scannáin a dhéanamh nuair atá trí scór bainte amach aige ionas go mbeadh sé in ann úrscéalta a scríobh.
Cheannaigh sé an "New Beverly Theatre" i Mí Feabhra 2010.
Duaiseanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Bhuaigh Reservoir Dogs an "Critics Award" ag an gceathrú Yubari International Film Festival.
- Bhuaigh Pulp Fiction an Palme d'Or i 1994.
- In 2005, bhuaigh Tarantino an duais "Icon of the decade".
- In 2008, bhuaigh sé an duais "Filmmaker on the Edge".
- In 2009, bhí an scannán Inglorious Bastards ainmnithe d'ocht gcinn "Oscar".