Fotheidil
Cuma

Is éard atá i gceist le fotheidil i bhfíseáin, i scannáin, ar an teilifís is araile, ná téacs ag bun an scáileáin a léiríonn caint na gcarachtar. Uaireanta bíonn na fotheidil sa bhunteanga agus uaireanta eile mar aistriúchán.[1]
Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tugadh taispeántas den uirlis nua ‘Fotheideal’ ag Oireachtas na Samhna 2025 i mBéal Feirste. Ligeann an uirlis, ar fáil ó lucht Abair.ie, don úsáideoir físeán nó comhad fuaime i nGaeilge a uaslódáil agus tras-scríobh uathoibríoch a dhéanamh air. Tá ‘Fotheideal’ bunaithe ar na huirlisí intleachta saorga atá á bhforbairt le tamall de bhlianta ag foireann Shaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra Choláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ IFI (2022). "Treoir / Staidéar".
- ↑ Maitiú Ó Coimín (7 Samhain 2025). "Uirlis nua fotheidealaithe Gaeilge forbartha ag Abair.ie le AI" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-11-07.